top of page

Éide Scoile / School Uniform

Mar scoil ghníomhach táimid an-bhrodúil as an éide scoile álainn atá deartha againn do dhaltaí óga na scoile. Is culaith reatha scoile den chéad scoth atá i gceist a thacaíonn le páistí óga na scoile lá gníomhach taitneamhach a chaitheamh ar scoil. Ar aon dul le treoirlínte na Roinne Oideachais agus Scileanna agus leis an aiseolas ó phobal na scoile tá gach dícheall déanta againn an costas a choimeád reasúnta do thuismitheoirí. Dá bhrí sin ní gá  do na leanaí an T-léine oifigiúil scoile a chaitheamh gach lá. Tá rogha acu na t-léinte bána atá ar fáil i bpaicéid ar chostas íseal a chaitheamh  chomh maith.  Is féidir an éide scoile a cheannach i Siopa Uí Bhuachalla, Sráid an tSeandúin nó ó Laura's sa Dúghlas.  Gabhaimid ár mbuíochas ó chroí lenár bhFochoiste Éide Scoile agus go mórmhór le hAoife Ní Cheallacháin (tuismitheoir sa scoil) agus le www.babelfis.ie as a gcuid diansaothair.  

 

As an active school we are proud of the uniform which we have designed for our young pupils. It is a high quality track suit which facilitates the children to enjoy an active day in school.In keeping with Department of Education and Skills guidelines and feedback from our school community every effort has been made to minimise costs for parents. Children are not obliged to wear the crested t-shirt every day and can avail of white t-shirt multipacks. The uniform is available from Buckley's , Shandon Street or Lauras's, Douglas. We are very grateful to our Subcommittee  from our Parent Committee, Cairde na Scoile, for their hard work. We are deeply grateful also to Aoife Ní Cheallacháin (parent in the school) and to www.babelfis.ie for their talented work. 

Tá sé fíorthábhachtach do na daltaí bróga reatha maithe compordacha a chaitheamh. 

It is very important that the children wear good quality comfortable runners  with velcro.  The children's school bag should be large enough to accommodate an A4 plus size folder.

Malaí Níocháin / Toilet bags

Iarrtar ar thuismitheoirí a chinntiú go mbíonn mála n ag gach leanbh ar scoil. Tá sé tábhachtabch go mbeadh mála le tuáille beag agus galúnach ag gach dalta. Cuirtear na málaí abhaile gach Aoine chun iad a atheagrú. All children should have a Wash bag containing a small towel (facecloth size) and liquid soap for them for their own personal use after using the bathroom. The bags are sent home each Friday to be re-organised

Lípéid / Ainmneacha ar ghiuirléidí uile na leanaí / Labels for children’s belongings:

Táimid ag iarradh oraibh, na tuisthmitheoirí ainmneacha na leanaí a chur ar a gcuid sealúchais, s é sin le rá geansaith scoile, malaí scoile, cotaí, bosca lóin, buidéal uisce, malaí leithris srl. We are urging parents to please label all your children’s belongings. Iron on-name labels, or names written with Sharpe pens should be on all jumpers, school/lunch bags, wash bags, water bottles etc.

Téacsleabhair / Textbooks

Cuireann an scoil na leabhair, cóipleabhair agus riachtanais eile do na daltaí sna ranganna Naíonáin ar fáil agus eagraítear billí. Eagraitear liostai leabhair do gach rang eile. Tá Scéim Iasachta Leabhair bunaithe don léitheoireacht. Cuirtear réimse leathan léitheoirí ar fáil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla.

 

The school provides the children in the infant classes with their books, copybooks and other requirements and bills are organised. Book lists and bills are organised for all other classes. A Book Rental Scheme is in place for Reading. The children are provided with a wide range of reading material in both Irish and English.

bottom of page