top of page

Curaclam Na Scoile /

School Curriculum

Tá sé mar bhunaidhm ag an scoil oideachas lán-Ghaelach a sholáthar do na daltaí i dtimpeallacht shona, shábháilte, dea-eagraithe. Feidhmíonn an scoil faoi rialacha na Roinne Oideachais agus Scileanna do scoileanna náisiúnta. Leanann an scoil Curaclam na Bunscoile mar a leagtar amach ag an Roinn Oideachais & Scileanna agus i gCreatchuraclam na Luathóige Aistear (NCCA). Is é córas an tumoideachais atá á chur i bhfeidhm i rang na Naíonán Beag le cur ar chumas na ndaltaí Gaeilge a thuiscint agus a labhairt go luath. Ciallaíonn sé seo gurb í an Ghaeilge teanga na cumarsáide agus na hoibre uile. Múintear an Béarla go hardchaighdeán ón dara téarma sna Naíonáin Mhóra ar aghaidh. Tá sé soiléir ón taighde atá déanta go ndéanann daltaí sa chóras seo níos fearr i scríobh agus i léamh an Bhéarla agus na Gaeilge ná an meán náisiúnta. Iarraimid ar thuismitheoirí pé méid Gaeilge atá acu a úsáid agus iad ag labhairt le foireann na scoile chun teachtaireacht dearfach i dtaobh na teanga a thabhairt do na leanaí. Eagraítear Cruinniú Eolais do thuismitheoirí maidir leis an gcuraclam le linn an chéad théarma.

 

The primary aim of the school is to provide an all-Irish education to the pupils in a happy, secure and well-organised environment. The school operates under the regulations of the Department of Education and Skills for national schools. The school follows the Primary School Curriculum as laid out by the Department of Education & Skills and the Early Childhood Curriculum Framework Aistear (NCCA). The immersion system, which is the most effective method of acquiring a language, is implemented in Junior Infants. This means that every subject is taught through Irish and that Irish is the language of communication in the school. This approach enables the children to understand and speak the language from an early age. English is taught to a high standard from the second term of Senior Infants. 6 Research has found that students in the immersion system attain greater levels in reading and writing in both English and Irish than the national average. We encourage parents to use whatever Irish they have in communicating with staff thereby giving positive messages to the children regarding the language. An Information Meeting for parents regarding the curriculum will be organised during the first term.

bottom of page