
Ceol a Cheanglaíónn
Music Connects

Cúlra
Tá an ceol suite i gcroílár shaol na scoile anseo i nGaelscoil an Chaisleáin. Trí chlár ceoil cuimsitheach agus tarraingteach, tugtar deis do gach páiste taithí bhríoch a fháil ar cheol trí chanadh, éisteacht, seinm, cumadóireacht agus comhoibriú. Cothaítear muinín, cruthaitheacht agus grá buan don cheol, agus déantar an ceol a cheiliúradh mar chuid lárnach de phobal na scoile.
Background
Music lies at the heart of life at Gaelscoil an Chaisleáin. Through a comprehensive and engaging music programme, every child is given the opportunity to experience music through singing, listening, playing, composing, and collaboration. Confidence, creativity, and a lasting love of music are nurtured, and music is celebrated as a central part of the school community.
Clár suzuki
Tá clár veidhlín uathúil i bhfeidhm i nGaelscoil an Chaisleáin, agus cuirtear ar fáil é do gach páiste sa scoil. Tá fealsúnacht Suzuki mar bhunchloch an chláir seo, ina mbíonn páirtnéireacht láidir idir an dalta, an tuismitheoir agus na hoidí ceoil. Tosaíonn an clár leis an gcur chuige réamh-Twinkle sna Naíonáin agus forbraítear é go córasach de réir mar a théann an páiste chun cinn tríd an scoil.
Tugann an clár deis do pháistí uile na scoile an veidhlín agus bunghnéithe na teoirice ceoil a fhoghlaim ar bhealach taitneamhach, tacúil agus thar a bheith tarraingteach. Cothaítear scileanna éisteachta agus athrá na leanaí, agus músclaítear muinín, ceolmhaireacht agus grá buan don cheol iontu. Foghlaimíonn páistí i ngrúpaí beaga, rud a thacaíonn le dul chun cinn leanúnach agus le forbairt scileanna ar bhonn céimnithe ó bhliain go bliain.
Ag teacht leis an bhfealsúnacht Suzuki, cuirtear béim ar dheiseanna rialta léirithe, rud a chabhraíonn le féinmhuinín a neartú agus le ceiliúradh a dhéanamh ar dhul chun cinn gach páiste mar cheoltóir.
Suzuki Programme
We offer a unique violin programme at Gaelscoil an Chaisleáin, available to every child in the school. The programme is grounded in the Suzuki philosophy, which emphasises a strong partnership between the child, the parent, and the music teacher. It begins with the pre-Twinkle approach in Junior Infants and is developed systematically as the child progresses through the school.
The programme allows all children to learn the violin and the fundamentals of music theory in a fun, supportive, and highly engaging way. Children develop listening and repetition skills, while confidence, musicianship, and a lifelong love of music are fostered. Learning takes place in small groups, supporting continuous progress and skill development on a step-by-step basis from year to year.
In keeping with the Suzuki philosophy, regular performance opportunities are provided, helping to strengthen confidence and celebrate the musical progress of each child.
Ceol uirlise
Is iomaí uirlis eile a chloistear fud fad na scoile chomh maith. Tosnaítear ar an bhfeadóg stáin i rang a 1 agus feictear tairbhe an chlár faoin am go shroichtear rang a 6. Tá grúpa cumasach giotar sna hard ranganna agus tá go leoir uirlisí traidisiúnta ann chomh maith. An clárseach, concertín, feadóg mhór, an fhidil agus an bosca ceoil san áireamh.
Cloistear réimse leathan uirlisí ceoil ar fud na scoile, rud a chruthaíonn timpeallacht bhríomhar shaibhir cheoil. Tosaíonn páistí ar an bhfeadóg stáin i Rang 1, agus is léir tairbhe an chláir seo faoin am a shroichtear Rang 6. Sna méan agus sna hardranganna, bíonn grúpa cumasach giotáir i mbun oibre agus cuirtear fáilte roimh go leor uirlisí ceoil traidisiúnta freisin, an chláirseach, an concertín, an fheadóg mhór, an fhidil agus an bosca ceoil san áireamh.
Trí mheán an cheoil, tagann fás agus forbairt shuntasach ar scileanna leanaí na scoile, go sóisialta, go cognaíoch agus go mothúchánach. Cothaítear muinín, comhoibriú, féinléiriú agus disciplín, agus forbraítear scileanna éisteachta, cuimhne agus comhordaithe ar bhealach nádúrtha agus taitneamhach. Mar thoradh air seo, bíonn ról lárnach ag an gceol i bhforbairt iomlánaíoch gach páiste mar fhoghlaimeoir agus mar bhall gníomhach de phobal na scoile.
Instrumental Music
A wide range of other instruments is heard throughout the school, creating a vibrant and rich musical environment. Children begin the tin whistle in First Class, and the benefits of this programme are evident by the time they reach Sixth Class. In the middle and senior classes, there is a talented guitar group, and many traditional instruments are also included, such as the harp, concertina, bass flute, violin, and melodeon.
Through music, children experience significant social, cognitive, and emotional development. Confidence, collaboration, self-expression, and discipline are nurtured, and listening, memory, and coordination skills are developed naturally and enjoyably. As a result, music plays a central role in the holistic development of every child as a learner and an active member of the school community.
Cór na Scoile
Cuireann an amhránaíocht go mór le folláine, muinín agus forbairt shóisialta na bpáistí, agus cloistear canadh go minic ar fud na scoile mar chuid nádúrtha de shaol laethúil na bpáistí. Clúdaítear réimse leathan seánraí ceoil, agus táimid fíorbhródúil as an stór saibhir amhrán, as Gaeilge agus as Béarla, atá bailithe agus atá á chothú againn thar na blianta, i nGaeilge agus i mBéarla.
Tá cór sóisir agus cór sínsear i bhfeidhm sa scoil, a thugann deis do pháistí páirt ghníomhach a ghlacadh i léirithe ceoil. Is minic a fheictear na cóir ag ócáidí éagsúla scoile agus pobail, áit a gcanann siad le fuinneamh, le muinín agus le cumas, ag léiriú bród agus spiorad láidir na scoile.
School Choir
Singing makes a significant contribution to children’s wellbeing, confidence, and social development, and singing can often be heard throughout the school as a natural part of daily life. A wide range of musical genres is covered, and we are very proud of our rich repertoire of songs, collected and nurtured over the years in both Irish and English.
The school runs both a junior and senior choir, giving children the opportunity to participate actively in musical performances. The choirs are frequently seen at various school and community events, performing with energy, confidence, and skill, reflecting the pride and strong spirit of the school.

